School: Ros Muc
- Location:
- Ros Muc, Co. Galway
- Teacher: Stiofán Ó hOisín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ros Muc
- XML Page 368
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"cé tá ag fosaidheacht na mbeithidheach" ar seisean. "Gasúr cúpla bliadhain," adeir an bhean. "Cé le haghaidh an cáca?" adeir sé, agus dubhairt sí, "Le haghaidh an pháiste atá san gcliabhán." Tháinic sé anuas ag an gcáca agus d'ith sé an cáca agus an greideall agus bhain sé fiacail as. D'fhiafruigh sé an raibh aon fhiacail ag an bhpáiste. Dubhairt sí go raibh. Chuir sé a mhéir ina na [!] bhéal agus bhain an páiste píosa de'n mhéar dhe. Bhí trian de'n neart caillte ag an bhfathach nuair a bhí barr na méire bainte de agus chaill sé trian eile dhá neart nuair a chaill sé an fhiacal.
D'fhiafruigh sé cé'n gníomh gaisge a bhí ag na Fianna. "An chloch sin a fheiceann tú ar aghaidh an dorais a chaitheadh thar an teach agus a bheith ar an taobh eile de'n teach roimpi." Rug sé uirthi agus chaith sé thar an teach í ach chinn air a bheith roimpi.
Chuaidh sé annsin go dtí buachaill na mbeithidheach agus bhí tarbh ar na beithidhigh. "Bhéarfá mise an tarbh(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway
- Informant
- Pádraig Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Address
- Ros Cíde, Co. Galway