Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Scéal faoi Pháidin Láidir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    measg na ndiabhal" adeir Páidín. Tá fiacail leath i lár a charbaidh uachtair" adeir an rí. Thug Páidin leis a máide agus as go bráthach leis sna fásgaidh. Nuair a shroic sé chomh fada le geataí Ifrinn bhuail sé an geata agus sé isteach i lár Ifrinn an geata agus an doras. D'éirigh Bellseybow an t-árd mháighistir amhach chuige agus dubhairt sé leis. "A Pháidín ceard atá uaith." "Tá dearbhráthair riógh Neifin uaim" arsa Páidín. "Cé'n marc atá agat ar dearbhráthair ríogh an Neifin" arsa Bellseybow." Tá fiacail mhór i lár a charbadh uachtair" arsa Páidín. Chuaidh Bellseybow isteach agus ní raibh aon diabhal isthigh nach raibh fiachail leatan ann. Chuaidh sé amhach agus dubhairt sé le Páidín é fhéin a dhul isteach agus é phíocadh amhach, mar go raibh fiacail leatan in gach duine aca. Isteach le Páidín agus chonnaich sé an fhiacail in gach duine aca. Ní dhéarna sé ach iad a thiomaint amach agus dubhairt sé "píocfaidh sé fhéin é." Thiomain sé leis iad go dtáinig sé go dtí rígh an Neifin. Ní raibh páirc ná gleann timhceall an tíghe nach raibh diabhal na sheasamh ann. Chuaidh Páidín isteach go dtí an rígh agus dubhairt sé leis fhéin a dhul amhach agus é phíocadh as na diabhail má bhí aithne aige air. Bhreathnuigh an rí amhach agus nuair a chonnaich sé a raibh timhceall a tíghe, d'iarr sé ar Pháidin ar son Dé iad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0650**: The Strong Youth
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seamus Ó Congalaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe