School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- Location:
- An Cheathrú Rua, Co. Galway
- Teacher: N., Bean Uí Cholchúin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua (Cailíní)
- XML Page 357
- XML “Scéal”
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)céadhna ann adeir sé. D'imthigh leis agus amach timcheall agus deich chlog tháinig na Cuit aríst agus d'fiafhruigh siad dá chéile a raibh aon Sgéal acu agus dubhairt ceann aca. Inghin an Ríogh sil mé nac neireochadh go deó dul siar is aniar ar Capall anois. Acht tiocfhadh mise isteach san Teampall seo go bfhuighfhidh mé amach cé thug amach an Sgéala go Inghin an Ríogh. Anuas leis an triúr aca agus fuaireadar é seó istigh san Teampall agus stróiceadar ó cheile é. Sin a raibh dá bhárr aige a dul San Teampall.
- Tómhaiseanna.
Céard a siubhaileann i gcomhnuidhe agus a cheann faoi
Táirnigh in do bróig.Leath marbh agus leath beo agus ruball ag craitheadh
Fr. madad agus a ceann i bpotaBo bhuide agus bhó bán ar thaobh an chnuic.
ceann san oidche agus ceann san ló.
Fr. Grian agus an Gealach.Tagann sé isteach ar druim na ndaoine agus teigheann sé amach cómh min lé sioda
Moin.(continues on next page)