School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 187
- XML “An Gadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An GaduidheBhí fear ann fadó agus sé an t-ainm a bhí air Seán. Bhí Seán in a ghaduidhe mór agus bhí sé ag goid chuile shór a casfaidhe leis. Bhí sé in a bhuachaill aimsire ag sagart agus gach uair dá ngoidfeadh sé aon nidh thugadh an sagart párdún dó. Bhí sé mar sin ar feadh i bhfad. Acht lá amháin bhí an sagart imthighthe ón dteach agus ní raibh duine ar bith ann acht an buachaill. Bhí muc ag an sagart agus sé an t-ainm a bhí ar an muc "Párdún". Thosuigh an buachaill ag smaointiú dó féin agus chuimhnigh sé ar féin gur maith an ceart dó dul abhaile agus an mhuc Párdún a thabhairt leis. Rug sé ar an muc agus as go bráth leis agus párdún aige.
Níor stad sé ná níor staon sé nó go dtáinig sé go dtí a theach féin. Nuair a tháinig sé abhaile mharbhuigh sé an mhuc agus chroch suas í. Bhí fhios aige go maith go mbeadh an sagart agus na gárdaí ar a thóir.
Nuair chuaidh an sagart abhaile ní raibh Seán ná an mhuc le fághail, chuimhnigh sé go maith an cleas a bhí déanta air. Chuaidh sé ag na gárdaí agus d'innis a sgéal dóibh. D'imthigh siad leó ag tóraidheacht na muice. Chonnaic Seán ag teacht iad agus chuir sé an mhuc i bhfolach agus leag a mháthair sa choirnéal agus chuaidh sé amach ar an sráid ag caoineadh agus ag bualadh bos agus ag rádh "A Mham ó a Mham í"
"Níor ghoid sé sin aon mhuc", ar siad sin leo féin. Chaith siad an lá sin ag lorg na muice acht(continues on next page)- Collector
- Tomás Seoighe
- Gender
- Male
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway