School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 181
- XML “An Eascú”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An EascúBhí fear agus bean fadó ann agus bhí siad an t-saidhbhir agus bhí daoiní ag tigheacht isteach chuca ag iarraidh déirce. Ní thiubharfadh an bhean aon déirc dóibh acht bhíodh an fear ag tabhairt dóibh i gcómhnuidhe. Bhí mac aca agus sé'n t-ainm a bhí air Micheál. Cailleadh an fear annsin agus sé an sórt lá a bhí siad d'á chur lá an dian-fhliuch. Cailleadh an bhean agus sé an sórt lá a bhíodar d'á cur lá an bhreágh.
Lá annsin dubhairt Micheál leis féin go bhfuigheadh sí [!] amach tuige a cuireadh a athair lá fliuch agus a mháthair lá breágh. D'imthigh sé leis agus chuaidh sé go dtí teach gréasuighthe agus bhí triúr gréasuidhe ann. D'fiafruigheadh dó cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag iarraidh fhághail amach tuige a cuiread an mháthair lá maith agus an t-athair droch lá.
Dubhairt na gréasuithe annsin leis feachaint an bhfuigheadh sé amach tuige a raibh siad féin ag obair ó mhaidin Dia Luain go dtí oidhche Dia Sathairn agus nach raibh siad ag bailiú aon airgid. Dubhairt sé annsin go bhfuigheadh sé amach é dá bhféudfadh sé. Dubhairt siad leis go ngabhfadh sé treasna abhann agus go mbeadh eascon ann roimhe agus go marbhóchadh sé é.
Rinneadar coinneall agus dubhradar leis nuair a bheadh sé ag dul treasna na habhann é a chaitheamh in a béal agus go n-imtheóchadh sí. Nuair a chuaidh sé go dtí an abhann annsin chonnaic sé an eascú. Bhí sí ar tí breith air acht chaith sé an choinneal in a béal agus chuaidh sé treasna.(continues on next page)- Collector
- Antoine Seóighe
- Gender
- Male
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway