School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 192
- XML “Taidhg agus an Sagart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Taidhg agus an Sagart
I n-aimsir na bpéin dlighthe nuair a bhí na Sasanaighe go dían ar chreideamh is ar chaitliocaighe, bhí saohal cruaidhe ag na daoine agus ag na sagairt. Ní go mini[c] a d'féad na daoine bocta na Sacramainte a ghlacadh, agus bhí a sáith le déanamh ag sagairt agus iad féin a shábháil. Ar chum ar bith bhí fear a dtugtaí Taidhg mór Ó Briain air ina chomhnuidhe in aice le Rosmuc. Ní raibh aoinne ina chomhnuidhe sa teac leis act a mháthair a bhí chómh sean leis an gceó.
Nuair a bhí an bás ag dreannadh leis an sean-chréatúr boc[t] ba mhaith le Taidhg an ola déidheanach dul uirthe dá b'féadfadh sé sagart a fhághail. Chaith sé seactmhain ag cuartughadh sula bfuair sé sagart act faoi dheire thug sé leis é. Chuir sé an ola ar an tsean-bean annsin agus d'iarr Taidhg air fanact sa teac an oidhche sin agus dubhairt sé go bfanfheadh. Fuair na sasanaighe amac ar bhealac éigin go raibh an sagart sa teac seo. Chuala an sagart agus Taidhg a bhí ina suidhe ar an teaghlac an torrann agus an siosgarnaighe ag teact aníos an bóithrín agus chuimhne siad gur b'iad a bhí ann. "Ó táim réidh anois seachas ariamh" arsa an sagart "Dheamhan agat act seans" arsa Taidhg act tabhair an simléar ort féin go beó" Gan focal eile a rádh thug. D'osgail Taidhg an sean-doras, mar n'osgaileócadh brisfheadh na saighdiúra isteac tríd "Nac bfuil sagart sa teac seo" ar siadsan i mbéarla "Ó ar bhur n-anam Níl", arsa Taidhg. "Buel má(continues on next page)- Collector
- Cáit Seóighe
- Gender
- Female
- Address
- Tamhnaigh an Lín, Co. Galway