School: Seanafarachán (roll number 12646)
- Location:
- Seanadh Farracháin, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac An Ríogh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Seanafarachán
- XML Page 252
- XML “Fear na Stocaí”
- XML “An Fathach Rua”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)é agus sheas sé air agus thachtuigh sé é. D’imthigh sé abhaile chómh tapaidh is bhí in a chosaí agus ní fhaca sé an gadhar ná an chailleach ó shoin i leith.
2-XI-36
Cuala mé an sgéal ó Mháirtín Ó Choidhin, Dubhlitir, An Fhairchi Fear 50 blian. Ó na sean daoiní a chuala seisean é.S. mac an Riogh. - An Fathach Ruadh.
Tráth dá raibh Fionn agus na Fianna in Éirinn bhí Fathach Ruadh in a chómhnaidhe sa Domhan Thoir a raibh faitchíos ar chuile fhear roimhe. Ní raibh fear sa domhan a bhí chómh maith leis ag troid no ag coraidheacht no in gníomhartha gaiscidheacht ar bith agus ba cuma cá áit a dtéigheadh sé ní raibh fear a dhiongbhálta le fághail. Bhail chuala mo dhuine cainnt ar na Fianna agus thug sé a aghaidh ar Éirinn lé dúbhlang a thabhairt futha.
Nuair a chualaidh na Fianna go raibh sé ag tigheacht tháinig faitchíos ortha agus tháinig siad le céile le seift a cheapadh a chuirfeadh 'un bhealaigh aríst é. B'é Goll mac Mórna an fear láidir i measg na bhFiann an t-am sin agus dubhradar le chéile go gcuirfidís Goll amach ag cumhdach na mbeithidheach nuair a bheadh an Fathach Ruadh ag tigheacht ag cur i gcéill nach raibh in a bhfear láidir féin acht spriosán i measg laochraí(continues on next page)- Collector
- Seán Mac An Ríogh
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir
- Informant
- Tomás Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 21
- Address
- Fionnaithe, Co. Mayo