School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 050
- XML “Scéal - An Triúr Mac”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)raibh an trúir mac tarraingt ar blíadhain is fiche; is bhíodar beo bocht agus dubhradar féin le chéile go raibh sé chomh maith aca a dhul a saothradh a mbearta go ceann blíadhna. D'imthigheadar leo go dtáinceadar go dtí cros bhóthar.
Dubhradar féin le chéile go gcasfhadh le chéile iad fá cheann lá is blíadhain. Nuair a bhí sé ag tarraingt ar an lá is blíadhain a bheadh thuas dubhradar le chéile go raibh sé chomh maith aca casactáil le chéile mar bhí geallta aca. D'fhág an mac ba shine an feilméara a bhí sé ag obair dhó, is (ag) ar a bhealach ag an gcros bhóthar chonnaic sé siopa agus sgáthán breágh ar an bhfuinneóig taobh istigh ann. Chuaidh sé isteach chuig fear an siopa agus d'íarr cé mhéad a bhí ar an sgáthán.
Dubhairt fear an siopa leis go raibh sé an daor, acht go raibh cinn eile aige i bhfad níos saoire a bhfeadfhadh sé thabhairt dhó. Ní ceanneochaidh mé aon sgáthán uait acht an ceann atá ar an bhfuinneóig, cebrí céard a bhainis tú dhe sin caithfidh tú é fhághail. Leag sé luach ar an sgáthán agus thug sé sin dó agus d'imthigh leis.
Nuair a bhí an dara mac ag triall ar an gcros bhóthar chonnaic sé napicín breágh síoda ar fhuinneóig an tsiopa. Chuaidh sé isteach agus d'íarr cé mhéad a bhí ar an napicín a bhí ar an bhfuinneóig(continues on next page)- Informant
- Colm Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 35
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway