School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
![The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 056](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0075%2FCBES_0075_056.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 056
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 056
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amháin. Nuair a bhí an bior dearg thóg sé aníos as an teine é, agus chuir sé i súil an fhathaigh é. Rith sé amach annsin. D'éirigh an fathach agus rith sé amach in a dhiaidh. Bhí fáinne draoidhreachta aige agus chaith sé leis an ngaduidhe dubh é.
Cá bhfuil tú anois adubhairt sé leis an bhfáinne. "Tá mé annseo ars an fáinne." Nuair a tháinig sé chuig an bhfáinne níor raibh tada aige. Bhí an gaduidhe dubh ag imtheacht roimhe go dtáinig sé go dtí loch. Chaith an fathach an fáinne arís, agus chuaidh an fáinne ins an loch. "Cábhfuil tú anois adubhairt an fathach." "Tá mé annseo ars an fáinne." Chuaidh an fathach amach agus báitheadh é.
Bhí a shásamh fáighte ag an ngaduidhe dubh nuair a bháith sé an fathach. Bhí rí fadó sa domhain thoir agus bhí an-chapall go deo aige, agus chuaidh na céadta fear dá ghoid agus tógadh iad. Dubhairt an gaduidhe dubh go rachadh sé féin agus go dtuibhraidh sé leis í acht cuireadh geall leis nach dtuibhradh, agus dubhairt sé go dtuibhradh. Chuaidh sé ann agus gabhadh é agus tugadh é fá láthair an ríogh agus cionntaobh é le na chrochadh, fá dhul dá ghoid. Dubhairt an gaduidhe dubh leis an rígh, "bhí tusa chomh gar do'n bás is tá mise anois agus shábhail mise thú.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway