School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bí fear fadó ann agus sé an obair a bhíodh aige ag briseadh cloch ar an mbóthair agus casadh sparán a bhí lán le airgead leis. Nuair a tháinig sé abhaile thug sé gon mhnaoi é mar ní raibh fhios aige céard iad na gineacha chor ar bith agus shíl sé gur cnaipí iad. Ní raibh aon foghluim aige agus séard dubhairt an bhean leis go gcaithfhidh sé dul chun na scoile go raibh siad saidhbhir.
Chuaidh sé go dtí an sgoil an chéad lá sáthach sásta agus an darna lá ní raibh morán fonn air a dhul ann chor ar bith. Mar sé sin an fáth bhí na sgoláirí ag caitheamh cloch leis agus an tríomhadh lá bhiodar níos measa leis. An té nach raibh biorán aige, bhí snáthaid aige dhá sceabhaíl. "Dar fiadh ní rachaidh mise chuig an sgoil níos mó dhuit mar bhfearr liom an obair a bhí agam cheana ag briseadh cloch."
Chuaidh sé dhá mbriseadh arís agus lá amhain tháinig fear go dtí é a raibh cárr deas aige. Dfhíarrfhuigh sé dhe cáide bhí sé ann agus(continues on next page)- Informant
- Marcus Ó Cathain
- Gender
- Male
- Age
- 67
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Maum, Co. Galway