School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír na Cille
- XML Page 120
- XML “Pisreoga”
- XML “Seanfhocla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pisreóga.
1. Nuair a bhíonn daoine ag dul chuig torramh, cuireann siad gráinne salann ina bpocaí.
2. Nuair a bhíonn bó thar éis laoigh, cuireann siad snáithe dearg ar a ruball.
3. Oidhce Bealtaine cuireann siad slat caorthann ar shoithigh an bhainne.
4. Lá Bealtaine ní chuireann siad an luaith amach.
5. Ní chaitheann daoine uisge salach amach san oidhce gan a raibh "Chugaibh, chugaib, a mhuintir amuigh, an t-uisge salach".
6. Ní chaitheann siad uisge na gcos amach san oidhce gan splainc dhearg a chuir san uisge.
7. Cuireann siad splainc dhearg faoi an gcuinneóig nuair a bhíonn siad ag deanamh maistriughadh.
8. Ní chaitheann siad aon uisge amach nuair a bhíonn siad ag deanamh an maistriughadh.
9. Nuair atá duine ag coigilt na teineadh san oidhce déanann sé comhartha na croise ar leic an tealaigh.
10. Dá mbeadh duine amuigh san oidhce agus timpist ar bith eirigh dhó - Cuir a gcás dá dtuiteadh sé ba ceart dó nuair a thiocfhadh sé isteach gráinne salann nó ruainne ime ithe- Informant
- Mícheal Seóighe
- Gender
- Male
- Age
- 16
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway
- (continued from previous page)le na chuid oibre a dheanamh, beidh sé gan deanamh aige.
43. Caillean duine rud le na mhuineadh
44. Madadh ag ithe féir sin cosamhalacht báisteach.