School: Tír na Cille (roll number 11884)
- Location:
- Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
- Teachers: Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Sgéal
Pádhraic Sáirseal agus an Feilméara
Bhí feilméar amach ó Ghaillimh agus bhí inghean an deas aige. Bhí Pádhraic Sairséal agus í fhéin an mhór le chei[le] agus bhí faitchíos air i ndhiaidh nach bhfuigheach sé í ón a h-athair. Níl uair a bith a theigheadh Pádhraic agus an feilméara ag aonach nach dtiubhradh Pádhraic an feilméara isteach ag tabhairt óil dhó. Dóladh an feilméara sin uaidh.
Bhíodar mar sin ar feadh dhá bhliadhain nó go raibh luaith a chuid chaorach agus a chuid beithidheac ólta chuig Pádhraic leis an feilméara, nuair go raibh sé bochta amach. Níor fhan misneach ar bith ag Pádhraic nuair a bhí a chuid airgead caithte. Dfhiarr fear eile annsin, Seán Ó Mórrú an inghean ar an bhfeilméara agus bhí sí le fághail aige. Bhí siad le chleamhnas a shocrughadh annsin, Domhnach tar éis an Aifrinn í dteach ósta.
Chuala Padhraic Sairséal go raibh siad leis an chleamhnas a shocrughadh an lá sin tar éis an Aifrinn. Chuaidh an feilméara agus Sean Ó Mórrú go dtí an teach ósta. Chuala Pádhraic Sairséal go raibh siad ann. Chuaidh sé isteach agus bhí an feilméara agus Seán Ó Mórrú ag ól ins an seomra. Dfhiarr sé leath gallún portor ar mnaoi an tighe.(continues on next page)- Informant
- Pádhraic Ó Maoilruaidh
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Tír na Cille Theas, Co. Galway