School: Tír na Cille (roll number 11884)

Location:
Tír na Cille Thuaidh, Co. Galway
Teachers:
Seán Maguidhir Maighréad, Bean de Buitléir
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0075, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír na Cille
  2. XML Page 155
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Sgéal
    Bhí fear de mhuinntir Néill ina chomhnuidhe i Drom Snáimh tamall maith ó shoin. Fear siamsa agus spóirt a bhí ann, chóinnigheadh sé i gcomhnuidhe cú. Bhí sé pósta agus ní raibh sa teach leis acht a bhean. Bhí mac óg acú agus go díreach nuair a bhí an mac seo bliadhain de aois gan noiméad uaidh no leis cailleadh é.
    Bhí brón mór orra acht an bliadhain dár gcionn, bhí mac eile acú acht go díreach nuair a bhí sé seo bliadhain fuair an mháthair séaluighte é istigh ina h-ascail. Bhiodar ní ba mheasa indhiaidh an mhic seo agus ghlacadar conséit mhór faoi an gcaoi ar cailleadh an beirt mhac agus nuair a bhronn Dia mac eile orra. Bhiodar i bhfad ní badh cúramaighe ina thaobh agus an oidhche bhí sé bliadhain de aois dfhan an mháthair agus an t-athair ina dhúiseacht ag faire.
    Amach san oidhche thuit an bhean ina chodhladh acht bhí a fear ina dhúiseacht. Oidhche breágh gealaigh a bhí ann agus bhí an gealach ag scaladh isteach an fhuinneóg agus céard a dfeicfheadh an fear
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Seámus De Buitléir
    Gender
    Male
    Age
    73
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Oughterard, Co. Galway