School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bíonn seanchas ar siubhal ag na daoine cois teineadh san oidhche go minic ar "Oidhche na Gaoithe Móire". Thárla sé ar an 6adh lá d'Eanair 1839 agus lean sé go dtí an 7adh lá. Bhí a lán nósanna ann cun a bheith ag súil leis an stoirm sin. Thosuigh na réalta ag éirghe dubh is ag rith go tapaidh treasna na spéire. Bhí an aimsear an-dorcha, agus bhí fuacht beag ann. Ní raibh an loch an-garbh, acht bhí fuacht agus torann mhór ag teacht ón taobh thiar. Bhí fhios ag na daoine annsin go mbeadh gála acu, acht níor shíl siad go mbeadh sé comh dona is a bhí.Ar dtús thosuigh an ghaoith ag éirghe acht ní go láidir. I gceann cúpla uair mheadhuigh an ghála go raibh sé ag éirghe níos láidre chuile noiméad. Bé é an oidhche is measa a tháinig ariamh ar an domhan.Ar feadh na h-oidhche sin bhí an ghaoth ag réabadh, do leagadh suas le céad theach ar fud na tíre. Do leagadh cúig cinn san áit seo comh maith le h-áit ar bhith eile. Bhí na crainn is na claidheacha leagtha. Bhí cocaí féir, cruacha móna is stácaí coirce ionntuighthe agus cuid de imthighthe leis an ngaoith. Sguabadh báid leis an ngaoith, agus briseadh cuid díobh in aghaidh na gcarraigeacha. Bhí iarainn agus bárr tighte ag eiteall san aer an oidhche sin, mar d'eitleochadh cleite.Do marbhughadh suas le céad duine ar fad. Bhí faitchíos ar óg agus aosta agus iad ag crith de bhrigh go raibh an stoirm comh láidir sin. Thuit a tighthe ar cuid de na daoine mar ní raibh siad(continues on next page)
- Collector
- Sorcha Ní Shuilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shuilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway