School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)don fear suidhe síos agus a chodladh air. Nuair a dhúisigh sé bhí tom luachra in aice leis. Rug sé ortha agus tharraing sé ó thalamh iad. Nuair a bhí sin déanta tháinig an uisge aníos as an talamh agus rinneadh tobar ann. Tugadh a amharc ar ais don bhfear dall annsin agus chuaidh sé abhaile. Deirtear gur tug Naomh Féichín cuairt ar an tobar eile. Thug an Maighdean Mhuire cuairt ar an dtobar i nDubhros freisin.
Leíghiseadh daoine go minic ag na tobair. 'Siad na rudaí is mó a loirgeann siad leighis ortha ag na toibreacha i nDubhachta ná cosa agus lámha ann. Ní olann aoinne uisge na dtobar acht cuimligheann siad uatha féin é. Ní bheireadh siad an uisge abhaile leo. Nì fhágann siad rudaí in a ndiaidh ag na tobair, acht tugann sé bláthanna go dtí iad uaireannta. Fágann siad ar claidhe nó ar géag iad le h-ais na tobair.
Níl aon iasg ins na tobar. Ní innstear sgéalta i dtaobh daoine do thug iarracht ar an dtobar do tiormú, acht bhí a lán uisge sa tobar uair, agus nigh duine eicínt cos tinn ann. As sin amach ní raibh mórán uisge ann. 'Sé an tobar sin ná tobar sin ná 'Tobar Mhuire' I nDubhachta. Timcheall gach tobar acu tá trí crainn sgeiche.- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway