School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá trí toibreacha beannuighthe sa paróiste seo. Tá ceann acu suidhte i nDubhros i lár páirce, agus an dá cheann eile i nDubhachta fá bhun cnuic. "Tobar Mhuire agus Tobar Féichín an t-ainm atá ar an dhá cheann i nDubhachta. "Tobar na súl" an t-ainm atá ar an cheann i nDubhros. Tugtar "Tobar Mhuire" ar freisin. Tugtar "Tobar na Súl" air mar tobar é chun súile tinn do leigheas. Tugann na daoine cuairt ortha ó'n 15adh Lugnasa go dtí 8adh Meadhon Fhoghmhar. Tugann na daoine turas ag na toibreacha.
Seo é an caoí a déantar iad ag na toibreacha i nDubhachta. Deirtear an "Paidir, n-Abe, agus Glóire" seacht n-uaire ar dtús. Téigheann siad timcheall na tobair annsin ceithre n-uaire dhéag. Deireann siad 'An Paidir, n-Abhé, agus Glóire arís trí h-uaire. Beannuigheann siad iad féin leis an uisge annsin, agus tá an turas críochnuighthe. Sé an caoi céadna a déantar an turas I nDubhros acht ní théigheann siad timcheall an tobar acht seacht n-uaire. Níl aon uisge sa tobar anois, acht tugtar cré as an tobar agus cuimlightear de na súile tinn é.
Níl aon sgéal ag na daoine acht I dtaobh tobar amháin acu. Sé an caoi a dtáinig 'Tobar Mhuire i nDubhachta ann ar dtús ná, Bhí fear tinn istigh i gConnamara uair agus bhí sé dall. Dubhairt an Maighdean Mhuire leis bheith ag siubhal go mbéadh sé tuirseach. Thóg an fear an comhairle agus d'imthigh sé leis. Thug sé a mhac leis mar bhí sé féin dall. Bhíodar ag siubhal go rabhadar tuirseach, agus bhíodar i nDubhachta fán am seo. B'éigin(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Shúilleabháin
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 47
- Occupation
- Oibrí tí
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway