School: Cluain an Bhrúnaigh (roll number 13385)
- Location:
- Cluain Brón, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Ghiobúnaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Page 328
- XML “Éadaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Níl aon tailliúr san paróiste seo anois, acht nuair a bhíodh siad ann sa mbaile a n-oibrighidís. Is gnáthach le tailliúir éadach a bheith sa teach aige le díol. Éadach siopa a bhíos aige. Caitheann na daoine cuilteacha, agus bíonn cuid acu déanta as plainnín. Bíonn éadach siopa i gcuid acu, agus éadach na h-áite i gcuid eile.
Seo sean-fhocal a bhaineann le éadaighe. "Is duine é an t-éadach. Bíonn abairtí eile in a taobh freisin, agus seo cuid acu. Má bhíonn culaith ró-mhór bíonn sé liopasta. Nuair a bhíonn duine ag fuagháil cuirtear snaidhm ar an snáth. Cuach-snaidhm a tugtar ar snaidhm rúbhailte, snaidhm nach bhfuil éascaidh a shaoileadh.
Bíonn siosúr, miosúr, méarachán, cailc, snáth, snáthaid, clár, agus inneall fuaghála mar gléasanna ag an tailliúir.
Deantar léinteacha ins na tighthibh, agus deantar iad as cadas. Dhéanadh léinteacha lín-éadaigh san áit fadó. Cniotáltar stocaí san áit freisin. Sníomhtar ar snáth sa mbaile, ar thúirne, mar ta ocht gcinn do thuirní san áit seo.
Caitheann na daoine éadaighe speisíala ar ócáid áirithe cur i gcás ar na féilí is mó sa mbliadhain, in a dhiaidh bháis duine, agus ar ócáid pósta. Caithtear na h-éadaighe nua freisin Dia Domhnaigh chun dul ar Aifreann(continues on next page)- Collector
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female
- Address
- Cluain Brón, Co. Galway
- Informant
- Seán Ó Cadhain
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Male
- Address
- Dubhachta, Co. Galway