Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)
- Suíomh:
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Ghiobúnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
- XML Leathanach 328
- XML “Éadaí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl aon tailliúr san paróiste seo anois, acht nuair a bhíodh siad ann sa mbaile a n-oibrighidís. Is gnáthach le tailliúir éadach a bheith sa teach aige le díol. Éadach siopa a bhíos aige. Caitheann na daoine cuilteacha, agus bíonn cuid acu déanta as plainnín. Bíonn éadach siopa i gcuid acu, agus éadach na h-áite i gcuid eile.
Seo sean-fhocal a bhaineann le éadaighe. "Is duine é an t-éadach. Bíonn abairtí eile in a taobh freisin, agus seo cuid acu. Má bhíonn culaith ró-mhór bíonn sé liopasta. Nuair a bhíonn duine ag fuagháil cuirtear snaidhm ar an snáth. Cuach-snaidhm a tugtar ar snaidhm rúbhailte, snaidhm nach bhfuil éascaidh a shaoileadh.
Bíonn siosúr, miosúr, méarachán, cailc, snáth, snáthaid, clár, agus inneall fuaghála mar gléasanna ag an tailliúir.
Deantar léinteacha ins na tighthibh, agus deantar iad as cadas. Dhéanadh léinteacha lín-éadaigh san áit fadó. Cniotáltar stocaí san áit freisin. Sníomhtar ar snáth sa mbaile, ar thúirne, mar ta ocht gcinn do thuirní san áit seo.
Caitheann na daoine éadaighe speisíala ar ócáid áirithe cur i gcás ar na féilí is mó sa mbliadhain, in a dhiaidh bháis duine, agus ar ócáid pósta. Caithtear na h-éadaighe nua freisin Dia Domhnaigh chun dul ar Aifreann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Brón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cadhain
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dubhachta, Co. na Gaillimhe