School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 370
- XML “An Chomhra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)act chuir sé fear in a ionad. Nuair tháinig an mac isteach ar maidin bhí an fear marbh. Thuit an rud céadna amach gach oidhche ar feadh trí bliadhain agus ní raibh fhios ag an duine uasal céard do dhéanfadh sé.
Bhí sé ag dul an bothar lá agus do chas sé ar fhear bocht abhí ag lorg déirce. "Bhéarfaidh mé dhá chéad púnt duit má fhanann tú sa teach mór anocht" ars an duine uasal leis "Tabhair céad punt, leabhar urnuighthe solus agus uisge coisreaca dom agus fanfad ann" ars an fear déirce. Socruigheadh an margadh sin agus chuaidh sé ann.
Amach san oidhche chuala an fear déirce torann agus ba ghearr go bhfaca sé an nathair nimhe ag teacht isteach chuige agus a béal ar oscailt. Chuir sí a cloigeann suas sa leabaidh chuige acht níor chuir sé aon tsuim innte agus d'éirigh an fear aniar agus rinne sé comhartha na croise(continues on next page)- Informant
- Miceál Ó Chadhain
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Bhuíáin, Co. Galway