School: Clochar na Fáirche (roll number 16894)
- Location:
- An Fhairche, Co. Galway
- Teacher: Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Fáirche
- XML Page 371
- XML “An Chomhra”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Shiubhail an nathair nimhe amach agus tháinig beithidheach mór isteach. Shíl an duine bocht go leimfeadh sé isteach na mhullach sa leabaidh. Tar éis tamaill shiubhail sé amach agus níor airigh an fear torann arís go maidin.
Tháinig an duine uasal isteach an lá indiaidh sin. Bhí iongnadh air nuair chonnaic sé go raibh an fear déirce beó. "An bhfaca tú aon rud a chuir faitchíos ort" ars an duine uasal "Ní fhacas" ars an fear déirce "act tabhair dhom an gléas céadna anocht agus fanfaidh mé annso" Bhéarfad agus fáilte" ars an duine uasal.
Amach san oidhche chuala sé an torann céadna a chuala sé an oidhche roimhe sin. Tháinig trí cinn de bheithidhigh móra isteach agus shíl sé go marbóchadh siad é Rinne sé comhartha na croise. Thosuigh sé ag leigheamh ón leabhar urnaighthe agus tháinig misneach chuige(continues on next page)- Informant
- Miceál Ó Chadhain
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Baile Uí Bhuíáin, Co. Galway