Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 370

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 370

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 370
  3. XML “An Chomhra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    act chuir sé fear in a ionad. Nuair tháinig an mac isteach ar maidin bhí an fear marbh. Thuit an rud céadna amach gach oidhche ar feadh trí bliadhain agus ní raibh fhios ag an duine uasal céard do dhéanfadh sé.
    Bhí sé ag dul an bothar lá agus do chas sé ar fhear bocht abhí ag lorg déirce. "Bhéarfaidh mé dhá chéad púnt duit má fhanann tú sa teach mór anocht" ars an duine uasal leis "Tabhair céad punt, leabhar urnuighthe solus agus uisge coisreaca dom agus fanfad ann" ars an fear déirce. Socruigheadh an margadh sin agus chuaidh sé ann.
    Amach san oidhche chuala an fear déirce torann agus ba ghearr go bhfaca sé an nathair nimhe ag teacht isteach chuige agus a béal ar oscailt. Chuir sí a cloigeann suas sa leabaidh chuige acht níor chuir sé aon tsuim innte agus d'éirigh an fear aniar agus rinne sé comhartha na croise
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Miceál Ó Chadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe