Scoil: Clochar na Fáirche (uimhir rolla 16894)

Suíomh:
An Fhairche, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúr Iarfhlaith Ní Mhóráin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 371

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 371

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Fáirche
  2. XML Leathanach 371
  3. XML “An Chomhra”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Shiubhail an nathair nimhe amach agus tháinig beithidheach mór isteach. Shíl an duine bocht go leimfeadh sé isteach na mhullach sa leabaidh. Tar éis tamaill shiubhail sé amach agus níor airigh an fear torann arís go maidin.
    Tháinig an duine uasal isteach an lá indiaidh sin. Bhí iongnadh air nuair chonnaic sé go raibh an fear déirce beó. "An bhfaca tú aon rud a chuir faitchíos ort" ars an duine uasal "Ní fhacas" ars an fear déirce "act tabhair dhom an gléas céadna anocht agus fanfaidh mé annso" Bhéarfad agus fáilte" ars an duine uasal.
    Amach san oidhche chuala sé an torann céadna a chuala sé an oidhche roimhe sin. Tháinig trí cinn de bheithidhigh móra isteach agus shíl sé go marbóchadh siad é Rinne sé comhartha na croise. Thosuigh sé ag leigheamh ón leabhar urnaighthe agus tháinig misneach chuige
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Miceál Ó Chadhain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile Uí Bhuíáin, Co. na Gaillimhe