School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 406
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “An Gasúr agus an Bráthair”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Dubhairt an sáirgint le Tomás, "Is dócha nach bhfuair tú aon sparán ar an mbóthar nuair a bhí tú ag briseadh cloch." "M'anam go bhfuair, muis," arsa Tomás. "Ce'n lá?" ars an sáirgint. "An lá sul ar thosuigh mé ag dul ar sgoil," arsa Tomás. "Ará ce'n chainnt sin ort?" ars an sáirgint le Tomás. "Sin é an lá muis" arsa Tomás. "Siubhal uait," arsa an sáirgint leis na gárdaí "agus ná bí ag seafóid leis an bhfear sin mar tá sé as a chiall," ars an sáirgint. Ag rádh gur b'é an lá sul ar thosuigh sé ag dul ar sgoil a fuair sé an sparán." Ní raibh fhios ag na gárdaí go raibh sé ar sgoil an tseachtmhain sin, agus bhí an t-airgead go léir ag Tomás.
- Lá amháin bhí bráthar ag siubhal thart in áit iarchúlta. Casadh isteach i dteach bocht é. Bhí stócach timpeall ceithre bliana déag d'aois sa teach. "An bhfuil aon phaidreacha agat?" ars an bráthar. "Níl," adeir an stócach. "Abair an phaidir seo in mo dhiaidh," arsa an bráthar. "A Uain Dé, a thógas peaca an domhain." (trí h-uaire) Má bhíonn an phaidir seo agat an céad uair eile a chasfar ort mé, tiubhraidh mé coróin duit."Bhí dhá doras ar an teach agus chuaidh an bráthar(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 42
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway