Scoil: Ceathramhadh Garbh (uimhir rolla ?)
- Suíomh:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Múinteoir: Máire Ní Shionnacháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 405](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_405.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0076, Leathanach 405
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ceathramhadh Garbh
- XML Leathanach 405
- XML “Scéalta Grinn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aisteach an fear thú nár chuimhnigh ar an leathar agus thú ag dul thar an tsiopa." "Beidh sé agam go cinnte amáireach," arsa Tomás. Nuair a bhí Tomás ag teacht abhaile an oidhche sin fuair sé sparan óir ar an mbóthar. "Déanfaidh an leathar seo bróg Mháire," arsa Tomás. Nuair a tháinig sé abhaile dubhairt sé le Máire, "Seo píosa leathair a fuair mé ar an mbóthar agus déanfaidh sé do bhróg." "Ó tá sé agad," arsa Máire. Nuair a bhí Tomás ag ithe a shuipéir bhain Máire an t-airgead as an sparán.Ba leir an máighistir sgoile an sparán seo agus bhí go leor airgid ann. Ar maidin lá'r na bhárach dubhairt Máire le Tomás, "Is fearr duit-se dul ar sgoil ar feadh na seachtmhaine seo in áit dul ag obair, mar beidh na sagairt thart ag na faoistin agus beidh siad ag cur ceisteanna ort agus ní bheidh an Teagasc Críostaidhe agat." "Tá go maith," arsa Tomás mar duine réidh a bhí ann.Nuair a tháinig sé go dtí an sgoil d'iarr an múinteoir air céard a bhí uaidh. Dubhairt sé go raibh sé ag teacht le Teagasc Críostaidhe d'fhoghluim. Nuair a bhí sé seachtmhain ar sgoil dubhairt an múinteoir leis go raibh an Teagasc Críostaidhe go maith aige agus gur féidir leis dul abhaile. "Tá go maith," arsa Tomás. An lá d'fhan Tomás sa mbaile bhí na Gárdaí ag tóirigheacht an sparáin.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- null
- Inscne
- Fireann