School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 407
- XML “An Gasúr agus an Bráthair”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)amach doras amháin agus chuaidh an stócach amach doras eile, agus casadh ar a chéile arís iad. "A Uain Dé a tógas peaca an domhain" arsan stócach. "Buachaill maith," ars an bráthar, agus bhí ag imtheacht leis. "Shíl mé," ars an stócach, "gur fear t'fhocal thú, nár gheall tú coróin dom an chéad ait a gcasfaidhe leat mé?" Thug an bráthar coróin dó annsin.Blian ó'n lá sin casadh ar a chéile arís iad. "An bhfuil an phaidir sin agat a thug mé duit anuraidh?" "Tá," ars an stócach, " Abair é," adeir an bráthar. "Molt Dé a thógas peaca an domhain." Bhí a fhios agam nach raibh sé agat," ars an bráthar. "Glacaim párdún agat," adeir an stócach. " Bhí sé in a uan anuraidh, acht tá sé in a mholt im bliana."
- Bhí fear ann fadó agus bhí an tóir aige a bheith ag imirt cártaí. Bhíodh sé an mhall gach oidhche nuair a bhíodh sé ag teacht abhaile. Oidhche amháin bhí sé ag teacht abhaile an mhall agus bhí paca cártaí in a phóca aige. Casadh fear leis agus d'iarr sé air an mbeidh cluiche cártaí aige. Dubhairt an fear go raibh sé sásta. Shocruigh sé bord annsin agus thosuigh siad ag imirt. Ní raibh siad i bhfad(continues on next page)