School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
![The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 418](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0076%2FCBES_0076_418.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0076, Page 418
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 418
- XML “Tomhaiseanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)27. Capaillín rása agus é ag rith i n-a chos i n-áirde agus gan aon chos ag corruigh aige? (Túirne).28. Fear bocht bocht agus a mhaide faoi n-a ucht, agus é ag shilt na ndeór? (Maide seaca as bárr an uisge).29. Tá sé uaithne, tá sé dearg, agus tá sé buidhe i n-a lár, agus ní féidir leis an rí na leis an bhainríoghan é a shroisint? (Tuar ceatha).30. Tá sé glas ar an mbruach agus tá sé doimhin in a bhun, agus tá sé sáthach maith do gach tighearna? (An uaigh).31. Tá sé fada agus nochtuighthe, caillte agus balbh, níl aon chosa aige agus is féidir leir siubhal? (Sruthán).32. Cé'n uair is aoirde chuaidh mairtfheoil? (Nuair a léim an bhó suas san ghealach).33. Bean chaol fhada agus gruaig go talamh uirthi? (Sguab)34. Chomh cruinn le ubhall, chomh doimhin le cupán agus ní féidir le fir an ríogh é a tharraing aníos? (Tobar).35. Cé'n chaoi a bhfuil Éire cosamhail le buidéal?
(Mar tá Corcach innti).36. Cé'n chaoi a bhfuil Éire cosamhail le fó-chupán? (Mar tá na sléibhte thart ar na cóstaí).37. Molt sa gcró agus a thóin sa bpota?
(Bhí a thón féin sa bpota).38. Thóirigh mé é agus ní bhfuair mé é. Dá bhfuighinn é ní tiubhrainn abhaile liom é agus nuair nach bhfuair mé é thug mé abhaile liom é? (Dealg in mo chos).39. Níl sé istigh agus níl sé amuigh agus níl aon lá(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway
- Informant
- Máire Ní Spealáin
- Gender
- Female
- Age
- 90
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway
- Informant
- Úna Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 85
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway