School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sul ar bhuail sí é.Bhí teach agus teampall ag an ministéar a bhí sa Dún, baile atá cúpla míle siar ó Cornamóna. Bhíodh sé fein agus na Protastúnaigh ag dul thart ag mealladh na daoine agus ag gealladh feoil agus 'Soup' d'aon duine a d'iompóchadh leo. Bhí tulán an-mhór ar fad acú sa Dún agus bhí sé chomh mór sin gur b'éígin dóibh áit faoi leith a fhághail chun é a bhruith. Sé an t-ainm a thugadh ar na daoine a d'iompuigheadh leo na "Soupers." Rinne na daoine amhrán faoi. Bhí sgoil acu i nDún freisin agus tugadh na Protastúnaigh oideachas saor d'aon Chaitiliceach a chuireadh a chuid páistí go dtí an sgoil acht is beag duine a rinne sin. Tá an sgoil a bhí ann leaghtha anois acht tá an teampall chomh maith agus a bhí ariamh acht ní osgailtear é anois chor ar bith. Is i gCunga a chomhnuigheann an ministéar anois.Tá áit eile i bhFearnacht i n-acie le Corrnamóna agus is minic a leightí Aifreann ann. Tá sgailp mhór ann agus carraig mhór ós a cionn, agus sé an t-ainm atá ar an sgailp na "Sgailp an Aifrinn." Tá áit in Móinín Mór i n-aice le Mám agus leightí Aifreann go minic ann. Sé an t-ainm a tugadh air in a dhiaidh sin ná "Sgailp na h-Altóra." Bhí fear an chráíbhtheach ann aon uair amháín agus nuair a tháinig Oidhche Nodlag ní raibh fhios aige ce'n chaoi a rachadh sé chuig an Aifreann Lá Nodlag. Bhí briongloid aige Oidhce Nodlag agus cheap sé go raibh sagart i n-áít uagineach ag léigheamh Aifrinn.(continues on next page)
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway