School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'éírigh sé agus do chuaidh sé go dí an áít agus b hí an sagart ann agus cúpla duine eile. D'fhiafruigh an sagart de cé dubhairt leis go raibh sé féín annseo mar cheap sé nach raibh fhios ag aon duine go raibh sé ann ach amháín na daoine a bhí leis. Dubhairt an fear leis gur briongloid a bhí aige go raibh sé ann. D'fhaifruigh an sagart de ar casadh aon duine leis ar an mbealach agus d'fhreagair sé nár casadh leis ach luch mhór. D'fhiafruigh an sagart de an dteasbánfadh sé dó an áít a chonnaic sé é agus teasbán. Chuir an sagart an stól air agus thosuigh sé ag léígheamh agus nuair a bhí sé sgathimh ag léigheamh do ghlaodh sé agus tháínig an luch mhór chuige agus d'fhiafruigh sé de an é a chuir an briongloid chuig an bhfear seo agus dubhairt sé gurb b'é. D'fhiafruigh an sagart de ce'n fáth a rinne sé sin. Dubhairt sé go raibh sé le briongloid mhaith a chuir chuighe i dtosach agus annsin go gcuireadh sé droch-bhriongloid chuige. Annsin dhíbir an sagart é agus dubhairt sé leis an bhfear gur b'shin é an diabhal agus go raibh sé i bhfoirm luiche. Annsin chuaidh an fear agus an sagart go dtí an Sgailp arís agus do léigh sé an t-Aifreann. Bhí an fear sásta annsin agus d'imthigh sé abhaile.
- Informant
- Brighid Ní Chonaire
- Gender
- Female
- Age
- 78
- Address
- An Cloigeann, Co. Galway