School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Ceathramhadh Garbh
- XML Page 532
- XML “Seanfhoirgnithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a thagann na daoine uaisle agus na cuairteóirí chuig anáit seo ag déanamh pléasúir sa Samhradh, is maith leo dul amach i mbád chuig an gcaisleán chun é d'fheiceál. Tá staighre cloch ann.Mic Toirdhealbhaigh Uí Conchubhair a thóg Caisleán na Circe ar dtús. Dearbhráthar do Ruadihrí, an t-Árd-Rí deiridh na h-Éireann do b'eadh Toridealbhach. Leagadh an caisleán go minic agus dóghadh é freisin ach tógadh arís é. Deirtear gur b'é seo an caisleán is sine i n-Éirinn. Cuireadh go leor daoine chun báis ann fadó. Tá áit déanta isteach i bhfallaí an Caisleaín chun go seasfadh an duine ann a bheadh le mharbhú.Tá fothrach sean-mhainistir san bhFáírche. Ins an reilg ata sé. Deirtear go raibh fuinneóga ornáideacha ann fadó.
Tá fothracha dhá Chill i nInnse Goill, oileán i Loch Coirrib i n-aice le Corr na Móna, Teampall Phádraig agus Teampall Mhuire. Tá sgríbhinn i gclocha ornáideacha ann. Chaith Naomh Pádraig tamaill san oileán sin. Deirtear go raibh sé lá ag léígheamha phortúis agus bhí an chuach ag chur isteach chomh mór sin air is gur dhíbrigh sé as an oileán iad agus níor chluineadh aon chuach ann ó shoin.(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Uí Floinn
- Gender
- Female
- Age
- 48
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway