School: Ceathramhadh Garbh (roll number ?)
- Location:
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway
- Teacher: Máire Ní Shionnacháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ní tugtar ar an Leipreachán thart annseo ach amháin an Leipreachán. Firín an bheag 'seadh é. Níl sé acht cúpla orlach ar aoirde. Deirtear go mbíonn eadaigh uaithne air agus caipín dearg. Deir cuid de na daoine go mbíonn sé i n-a chomhnuidhe faoi an sgeich ghil, nó le na sidheóga. Deirtear go mbíonn sé i n-aice liosanna gach oidhche timpeall a dó dhéág o' clog agus go mbíonn sparán óír aige i bhfolach thíos san talamh.Is é an obair a bhíonn ar siubhal ag an Leipreachan i gcomhnuidhe gréasuidheacht. Bíonn sé ag déanamh bróg i gcomhnuidhe. Bíonn casúr, ceap, tairgní agu sleathar ghá iompar ó áit go h-áit aige.Má bheireann duine air agus coinneál ag dearcadh air i gcomhnuidhe go dtiubhradh sé an t-ór dhó ach má bhreathnuigheann sé uaidh ní bhfuigheadh sé aon ór. Bhí fear ins an áit seo fadó agus oidhche amháín rug sé ar Leipreachán ag dún i n-aice le Corr na Móna, agus dubhairt sé nach leigfeadh sé amach é go bhfuigheadh sé an sparán óír. Bhí an leipreachán ag iarraidh ar an bhfear breathnú de féin ach níor thóg sé a shúil de. Dubhairt an Leipreachán go raibh sé ag an bhfear a bhí taobh thiar de. Dhearc an fear thart agus ní(continues on next page)
- Informant
- Pádraig Ó Droighneáin
- Gender
- Male
- Age
- 45
- Address
- An Cheathrú Gharbh, Co. Galway