School: Páirc na Sceach (roll number 13856)
- Location:
- Bushypark, Co. Galway
- Teacher: Seán Mac Suibhne
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Páirc na Sceach
- XML Page 414
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)leabaidh ach ar ndóigh ní hé Seán a bhí ann ach sidheóg. Fritheadh gléas torraimh faoi réir do “Sheán” is bhí socraid air lá ar na bhárach agus cuireadh é agus éagarais mór a bhí ‘na dhiadh. Ach ní raibh cádh leis, ní raibh Seán básuighthe in ao’ chor. Is cosamhail gur, in ionad bheith oidhche amháin leis na sidheóga is amhlaidh bhí sé dhá oidhche is lá leó. Ach nuair a dhúisigh Seán ní i leabaidh chluim a bhí sé ach i dtulán fraoigh ar thaobh Chnuic Mheadha. Ghluais leis chómh tréan agus d’fhéad triall abhaile. D’eirigh sé go raibh sé ‘na mheadhon oidhche nuair a shroich sé an teach. Bhí an bhean is na páisdí ‘na gcodhladh. Bhuail sé ar an doras. D’fhiafruigh an bhean dhe cé bhí annsoin.
“Mise Seán” ar seisean.
“As ucht Dé agus béal na húlaidheachta ort a Sheáin Uí h-Anlaí”, ar sise, “agus fan uaim, mar tá mo dhóthain trioblóid agam le dhá lá is gan thú thigheacht arís”.
Leis sin chuimhnigh Seán go raibh rud éigin suas agus dubhairt leis féin go rachadh sé a chodhladh sag coca tuighe go mbeadh solus an laé aige. Ach is gear a bhí sé sa tuighe nuair a tháinig beirt bhuachaillí leis an sagart i gcoinnibh na muice a bhí ag an mnaoí ag clétheamhnas ocht bpunt de airgid iasacht a bhí tughtha aige do Sheán. Bhíodar ag tiomáint na muice amach an bhóithrín nuair a d’airigh Seán iad. Siúd amach leis ‘na ndiadh.
“Cá’il sibh ag tabhairt muc mo mhná”, arsa seisean leó.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Nudhain
- Gender
- Female
- Address
- An Pollach, Co. Galway
- Informant
- Éamonn Ó Nudhain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Pollach, Co. Galway