School: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (roll number 13155)
- Location:
- Garrafrauns, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Fionnagáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhíos bó- bradach ag dul thar chlaidhe teorainn cuirtear sort súgán uirthi.Tugtar ar an rud seo an crom-nasg. Tá sé ceangailte ó na h-adharca go dtí an cos tosuigh.
Cuirtear púicín ar bó- bradach anois agus aris. Tá an rud seo déanta de píosa clár agus bíonn sé ceangailte ó na h-adharca cun an bó a dhalladh.
Bó le laogh a tugtar ar bó atá le laogh a breith
Tugtar loiligheach ar bo nach dtugann aon laogh dhuinn agus nach bhfuil aici ach braon beag bainne.
Beithidheach nach bhfuil sé mí d'aois tugtar laogh air.
Tugtar gamhain ar beithidheach ós cionn sé míl.
Sé corraboc, beithidheach nach bhfásann
Bó-sheasga a tugtar ar bó nach bhfuil aon bainne aici.
Tugtar speir ar an téad atá ceangailte ós chionn an glún deiridh
Ins an stábla bíonn an bhó(continues on next page)- Collector
- Micheál Breathnach
- Gender
- Male