School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)

Location:
Kilmacteige, Co. Sligo
Teacher:
Máire, Bean Uí Chuirnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 286

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0173, Page 286

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Kilmacteige (C.)
  2. XML Page 286
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a bhí ann. Mar sin chuir sé a aghaidh ar Blá Cliath agus ní raibh in a phocaí leis ach sé sgilling. Cheannuigh sé sé cinn de's na naipcín póca déante as an síoda a b'fhearr a bhí le fághail mar bhí an síoda go flúirseach sa tír seo um a' dtaca úd.
    Annsin ní raibh píghinn fágtha aige. Shrois sé Blá Cliath i gceann cúpla lá, agus bhí chuile dhuine ag baint lán an dá súil as an gcoigcrioch a bhí ag fiafruigheadh diobh cá raibh an sráid a b'fhearr i mBlá' Cliath. Nuair fuair sé é fhéin i gcearr lár na cathrach thóig sé ceann de's na naipcín síoda as a phóca, chuimil a shróin leis agus chaith thar a ghualainn ar an sráid é. Bhí argóint mór idir an gasra a bhí taobh tiar de chun a fhághail amach cá geobhadh an naipcín. Nuair a thánaig sé chuig deireadh na sráide d'iompuigh sé thart ar a shál agus thánaig sé arais ar an sráid céána ach uair. Ag an áit céana thóig sé amach naipcín eile agus rinne an rud céana leis is a rinne sé leis an gcead ceann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1455: The Hard‑hearted Fiancée
    Language
    Irish
    Collector
    Alice Boland
    Gender
    Female
    Address
    Kilmacteige, Co. Sligo
    Informant
    John Ginty
    Gender
    Male
    Address
    Kilmacteige, Co. Sligo