School: Kilmacteige (C.) (roll number 13944)
- Location:
- Kilmacteige, Co. Sligo
- Teacher: Máire, Bean Uí Chuirnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Kilmacteige (C.)
- XML Page 316
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear in a chomhnuidhe ins an áit seo fadó. Rinne sé brionglóid oidhche in a dhiaidh a cheíle go raibh a shaidhreas le fághail ar Dhroichead Luimnigh dá bhféadfadh sé dhul ann. Thriall sé leis agus d'imthigh sé ar siubhal gur shrois sé an droichead. Bhí sé trí lá ag siubhal siar agus aniar, agus ar an dtriomhadh lá tháinic fear chuige agus d'fhiafruigh sé dhe cad a bhí ag cur as dhó, go raibh sé ag féachaint air a' siubhal ar an ndroichead le trí lá. Dubhairt sé leis go ndearna sé brionglóid trí oidhche in a dhiaidh a chéile d'ár fhéad sé dhul go Droichead Luimnigh go raibh a shaidhbhreas le fághail ann. D'fhiafruigh an fear as Luimneach dhe annsin cérb' as é agus ce'n fhaid a bhí sé ó'n áit sin. D'fhreagair an fear eile go raibh sé as Conndae Shligigh, agus annsin d'fiafruigh sé dhe as ce'n paróiste.
"Taím as paroíste Cill Mhic Tadhg" ar seisean "sraid bhaile ar a dtugtar "mBun na Liath" atá comhnuidhe orm"
"Bhí brionglóid agam" ars an fear eile "cosamhail(continues on next page)- Collector
- Kathleen Ginty
- Gender
- Female
- Address
- Kilmacteige, Co. Sligo
- Informant
- John Ginty
- Gender
- Male
- Address
- Kilmacteige, Co. Sligo