School: Bouleenshere (C.) (roll number 12865)
- Location:
- Booleenshare, Co. Kerry
- Teacher: Mary A. Walsh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Bouleenshere (C.)
- XML Page 481
- XML “Teampall Fo-Thoinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ar an dtaobh thior de'n bhágh, (Bágh Bhaile Uí Thaidhg) & tímcheall míle ó'n gcósta, tá áit ar a dtugtar "Teampuill Fó Thuinn." Líne fada de chubhar is eadh an rudh sin, & bíonn sé le feiscint i gcomhnuidhe pé ciúin a mbíonn an t-uisge eile na thimcheall. 'Sé an chiall atá leis na focailibh "T.F.T." ná Teampall fé uisge na farraige & deirtear go bhfuil sean-reilig fé na tonntaibh san áit úd. Innistear sgéul grannúr i dtaobh na reilge seo.
Deirtear gur ins an roilig seo a bhíodh an muinntir Canntalúin curtha fadó. Tíghearnaí talmhan do bheadh iadh san, & bhí árdh=mheas ag na daoine annso ortha san am sin. Bhíodar ar na daoine uactaracha, go dtáinig daoine ó Sasana d'arbh ainm "Crosby". Tógadar a gcuid talmhan ós na Canntalúin. Do réir an seana-sgeil nuair a fuair aon duine de shliocht Canntalúin bás ní chuireadh é ar nos dhaoine eile in aon chor. Is amhlaidh a thógadh an chómhra o'n gcaisleán in a bhídís na gcomhnuidhe go dtí "Muchán na marbh". Ait nó ráth do beadh í sin ar imeall na farraighe go díareach ar aghaidh T.F.T. amach. Leagadh & fagadh(continues on next page)- Informant
- Seán Ó hUigín
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Glenderry, Co. Kerry