Scoil: Bouleenshere (C.) (uimhir rolla 12865)

Suíomh:
Buailín Séar, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Mary A. Walsh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0417, Leathanach 481

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0417, Leathanach 481

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Bouleenshere (C.)
  2. XML Leathanach 481
  3. XML “Teampall Fo-Thoinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ar an dtaobh thior de'n bhágh, (Bágh Bhaile Uí Thaidhg) & tímcheall míle ó'n gcósta, tá áit ar a dtugtar "Teampuill Fó Thuinn." Líne fada de chubhar is eadh an rudh sin, & bíonn sé le feiscint i gcomhnuidhe pé ciúin a mbíonn an t-uisge eile na thimcheall. 'Sé an chiall atá leis na focailibh "T.F.T." ná Teampall fé uisge na farraige & deirtear go bhfuil sean-reilig fé na tonntaibh san áit úd. Innistear sgéul grannúr i dtaobh na reilge seo.
    Deirtear gur ins an roilig seo a bhíodh an muinntir Canntalúin curtha fadó. Tíghearnaí talmhan do bheadh iadh san, & bhí árdh=mheas ag na daoine annso ortha san am sin. Bhíodar ar na daoine uactaracha, go dtáinig daoine ó Sasana d'arbh ainm "Crosby". Tógadar a gcuid talmhan ós na Canntalúin. Do réir an seana-sgeil nuair a fuair aon duine de shliocht Canntalúin bás ní chuireadh é ar nos dhaoine eile in aon chor. Is amhlaidh a thógadh an chómhra o'n gcaisleán in a bhídís na gcomhnuidhe go dtí "Muchán na marbh". Ait nó ráth do beadh í sin ar imeall na farraighe go díareach ar aghaidh T.F.T. amach. Leagadh & fagadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó hUigín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Gleann Doire, Co. Chiarraí