School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
![The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 095](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_095.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 095
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)áit a bhain sé amach ná an Daingean. Shiúbhlaidh sé síos ar an gcé agus cad a bheadh annsan ach árthach ar anncaire. Labhair an captaen leis agus d'fiafraig do ar b'eóladh do aon duine annso timcheall a oibreóchadh a shlighe go Tír na dTurcach.
"Ní h-eól" arsan fear, "ach táim féin ag lorg oibre agus is fearra dhuit mé tógaint."
Ansan chuaidh sé ar bórd agus sé an obair a fuair se ná ag coimeád guail sa tinnteacha.
Tháinig stoirm ortha agus thugadar trí mhí ar an bhfarraige ach sa deire shiar shroiseadar Tír na dTurcach. Dhíol an captaen a chuid earraí i mbaile cuain a bhí ann, ach d'imthig fear Dhún Seun isteach fé'n dtír, cé gur chomhairlidh an captaen do gan dul, mar ná raibh aoinne riamh a chuaidh ann ach duine nár fhíll thar nais, ach ní bheadh an fear sásta.
D'imthig sé leis féin agus bhí sé ag imtheacht i rith an lae, bhí an oidhche ag teacht ach ní raibh aon tig ag bualadh leis. Sa deire chonnaic sé solas beag a bhfad uaidh agus d'imthig sé fé na dhéin. Nuair a tháinig sé 'an dorus, chnag sé air, agus tháinig seana-fhathach mór críona 'á oscailt. Nuair a chuaidh sé isteach(continues on next page)- Informant
- null
- Gender
- Female