School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí seana-chailleach críona sa chúine agus dhá seana-fhathach ar gach taobh di, agus féasóg mhór fhada ortha. Nuair a chonnaic an t-seana-chailleach é dúbhairt sí é marbhú ach dúbhairt ceann des na fathaig gan é dheunamh ach rud éigin le n-ithe a thabhairt do mar gur dócha go raibh ocras air.
Thug an seana-bhean prátaí agus anairthe do ach níor 'ith an fear aon rud mar bhí a n-iomarca scannradh air.
Nuair a tháinig am coladhta chuaidh an t-seana-bhean agus ceann des na fathaig a codladh ach d'fhan an fathach eile ag cainnt leis an bhfear.
D'fiafraig sé dó cad as é. Dúbhairt an fear gur ó Dhún Seun é, áit ná feadair sé sin. Ach dúbhairt an fathach gur aige féin a bhí an aithne ar, mar gur b'é a bhaile dúthchais é.
"An bhfuil aithne agat ar an lios atá ar Mhín Bháin?" ar seisean leis an bhfear.
(Tá an Bhínn Bhán anaice lé Dún Seun).
"Tá," arsan fear, "agus is minic a chualadh go raibh cat mór dubh innte."
"Tá," arsan fathach, "agus sé an cat san d'fhág sinne anso. Bhíosa agus mo dhriotháir in ár dhá bprionnsa agus mo dhriofúr(continues on next page)- Informant
- Bríghid Ní Bhúdhacléir
- Gender
- Female
- Age
- 12
- Address
- Gleann Loic, Co. Kerry