School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 119
- XML “Cú Bhán an tSléibhe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cú Bhán an tSléibhe. Sa tsean shaoghal bhí rí agus a mhnaoi ag maireachtaint go sásta i gcúirt bhreágh. Bhí triúr inghean bhreághtha acu. Bhí gairdín aoibhinn acu ar aghaidh an tighe agus falla mór timcheall air. Falla mór árd ab'eadh é agus ní fheadfhadh aoinne dul treasna air, mar bhí sé chómh hárd leis an spéir beagnach.
Bhí cú bhreágh bán san áit agus gheibheadh sí treasna an tsléibhe ar a aghaidh gach lá. "Cú bhán an tsléibhe" a tugtaoi mar ainm uirthe. Bhí cathaoir draoidheachta istig i ngáirdín an rí agus p'é athchuinghe a dhéanfá id' shuidhe ar an gcathaoir sin gheobhfá é go cinnte. Téigheadh an rí agus an bhannríoghan ag déanamh a n-athchuinghe go minic sa chathaoir, go mórmhór sara dtéighidís in aon áit taobh amuigh de'n bpálás .
Lá amháin chuaidar araon amach. Dearmhad an rí rud éicin, agus chaith sé filleadh air ais airís chun an tighe. Leis an ndeabhadh a bhí air d'fág sé an eochair 'na dhiaidh ar an mbórd. Fuair na hingheanacha an eochair. Siúd amach iad, agus bhaineadar anuas an glas. Isteach le(continues on next page)- Informant
- Muiris Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry