School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mhuiris Ó Catháin an Bloscaod Mór, Dúnchaoin, Daingean a chuala an scéal so.
--
Bhí beirt sean-mhná ina suidhe cois teine lá i mBaile Móir. Bean iasachta ab eadh duine acu agus bean an tighe an bhean eile. Dhearg bean an tighe an phíp agus shín sí go dtí an seana bhean eile í. Nuair a bhí a dóithin caithte do'n bpíp ag an mnaoi iasachta shín sí go dtí bean an tighe í agus dúbhairt:
"Seo duit í, agus beannacht dílis Dé le hanam na seacht sinnsear a d'fág sinn araon."
Níor thapamhla an phíb na póca ag bean an tíghe ná gur siubhal sean-bhean eile an t-úrlár aníos agus suidh eatortha istig.
"Ó níor fhágabhair aoinne agamsa," ars í.
B'é an t áidhbhirseóir a tháinig i bhfuirm seana mhn[á.] Theastuig uaidh seans d'fághail ar an nguidhe a chur ar a thaobh féin chun go raghadh na hanamacha chuige féin. D'á mbeadh gal do'n bpíp ag an sean bhean bheadh seans aici a rogha guidhe a thabhairt.- Informant
- Muiris Ó Catháin
- Gender
- Male
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry