School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 221
- XML “An tÉan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear agus bean ann fadó agus bhíodar ana bhocht ar fad. Bhí beirt mhac acu, leanbhaí ana dheas ar fad ana bhéasach. Bhíodar ina suidhe cois teine agus gan aon teasbach ortha. Bhí an lánamha ag cáiseamh na leanbh mar ní raibh an chéad béile eile le nitheadh acu ná aon nidh chun é a cheannach. Bhí an sneachtadh tuitighthe go trom agus siúd leis an ngarsún críonna ag rith indiaidh éan fé mar ba ghnáth le garsúin d'á aos.
Rith sé indiaidh éin bhig. Theanntuig sé é isteach i bpoll agus rug sé air. Thug sé leis abhaile é agus bhí ana mhórtas air. Dhein sé cás do agus bhí ana mhórtas air.
An mhaidean 'na dhiaidh bhí ubh sa chás. Ubh ana shuaithinseach ab' eadh é agus dath ana dheas air. "Ní fheadar cad a dhéanfaimíd leis an ubh," ars an t-athair. "Tabhair leat síos go dtí an bprionnsa atá thíos sa chúirt í agus b'fhéidir go dtabharfhadh sé rud éicin duit."
D'imthig an garsún leis síos agus an t-ubh aige. Bhuail sé ag an ndoras agus d'oscail an(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry