Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ó Mhuiris Ó Catháin an Bloscaod Mór, Dúnchaoin, Daingean a chuala an scéal so.
--
Bhí beirt sean-mhná ina suidhe cois teine lá i mBaile Móir. Bean iasachta ab eadh duine acu agus bean an tighe an bhean eile. Dhearg bean an tighe an phíp agus shín sí go dtí an seana bhean eile í. Nuair a bhí a dóithin caithte do'n bpíp ag an mnaoi iasachta shín sí go dtí bean an tighe í agus dúbhairt:
"Seo duit í, agus beannacht dílis Dé le hanam na seacht sinnsear a d'fág sinn araon."
Níor thapamhla an phíb na póca ag bean an tíghe ná gur siubhal sean-bhean eile an t-úrlár aníos agus suidh eatortha istig.
"Ó níor fhágabhair aoinne agamsa," ars í.
B'é an t áidhbhirseóir a tháinig i bhfuirm seana mhn[á.] Theastuig uaidh seans d'fághail ar an nguidhe a chur ar a thaobh féin chun go raghadh na hanamacha chuige féin. D'á mbeadh gal do'n bpíp ag an sean bhean bheadh seans aici a rogha guidhe a thabhairt.- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí