School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Eibhlís Bean Uí Cheárna sa Bloscaod Mór a chuala an scéal so. Fuair sí é ó na hathair atá ag slánú a deich is ceithre fichid. Chuala seisean ón a athair é agus scéal fíor aosda iseadh é.Bhí Rí ann fadó agus phós sé. Bhí aon inghean amháin aige agus nuair a bhí sí bliain d'aois cailleadh a máthair.
Ní raibh stad ná staonadh le déanamh ag an Rí nó go bhfaigheadh sé bean eile. Thóg sé Caisleán do'n ngearchaile agus chuir sé dáréag ban choinnleachta 'á faire. Chuir sé abhfad ó na chúirt féin í chun ná cídhfeadh an leas-mháthair í.
D'imthig an rí leis agus t'réis dhá lae tháinig sé dtí tig é ina raibh baintreabhach mná. Bhí beirt inghean aici. Dheineadar suas le chéile é agus pósadh iad.
Bhí trí cinn do thighthe bochta i mbéal dorais na cúirte. Lá amháin ghaibh an bhean amach agus shleamhnuigh sí i mbéal tighe acu.
"O Dia linn is Muire," ar sí.
"Ná raibh Dia leat ná Muire," ars an bhean istig.
Chuaidh sí go dtí an dara agus go dtí an tríomhadh(continues on next page)- Informant
- Eibhlín Bean Uí Chéarna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry