School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Do dearbhuig an bhean ar Phiaras go ndubhairt sé go bpósfadh sé í. Theic sé ón áit agus chuir an bhean saighiúirí ina dhiaidh. Teich Piaras go dtí an Rinn sa Bloscaod Mór. Bhí dún beag annsan aige agus é ar bruach na faille. Scaoileadh sé le faill an namhaid gach uair a thagaidís ar a thóir. Bhí sé tamall eile i bpoll sa chnoc agus thugadh muinntir an Oileáin biadh siar chuige. "Scairt Phiarais" an ainm atá ar an bpluais a bhí aige.
Dúbhairt Piaras agus é ins an bpluais:—
A Dhia atá thuas an truagh leat mise mar táim?
I mbotháinín uaigneach is nach mór go mothuighim an lá;
An braon atá thuas in uachtar lice go hárd,
Ag tuiteam lem' chluais is fuaim na toinne le m' sháil
Do bhí Piaras Firtéar traochta tnáithte agus sa deire, agus thug sé é féin suas dos na saighdiúirí. Beireadh air i gCaisleán na Mainge agus crochadh é ag Cnoc na gCaoireach inaice Chill Áirne. Do crochadh Easbog agus Sagart in aonfhacht le Piaras. Do thug an sagart cloch do Phiaras le cur siar 'na bhéal. Ní crochfaí go deó é an fhaid a bheadh an chloch san 'na bhéal. Bhris an chroch trí huaire faoi. Sa deire chaith sé an chloch as a bhéal agus(continues on next page)- Informant
- Gobnait Ní Ghuithín
- Gender
- Female
- Age
- c. 50
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry