School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 184
- XML “Cluiche na nDorn Dúnta”
- XML “Casadh Cainte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a gháirfeadh ná labharfhadh ná theasbáinfheadh a fhiacla go bhfaghadh sé
Fiche buille beag, fiche buille mór
Fiche greim siogáin, agus fiche speach ó láir.
(Bheadh an pionós le fághail annsan ag aoinne sa bhuidhean a thuillfheadh é.) - Fód bog idir dá bog-fhód agus bog fhód idir dhá fhód bog.Dhoirt cearc muga uisce cois chois an chómhartha.
(É a rádh gan aon anál — deich nuaire.)Goideadh goideadh an láir bháin,
Níor goideadh riamh láir ab' feárr ná í.
Do gháir sí, is do bhéic sí
Is d'fág sí an tsrathar, an tramar is a thiarthacht is an rud a bhíonn tiar fé na coiripe; d'imthig sí síos go doras tighe an bhradaig agus a ghiolla mhín-bhradaig cuirse uait an láir bháin.
—Cluiche do leanbh é seo. Bíonn sé ag bualadh píosa adhmaid nó páipéar le slait feachaint cad é an focal go léimfidh an píosa sa aér uaidh.