School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Cheárna, An Bloscaod Mór, Dúnchaoin a thug an sceal so dhom. Tá sí inaois a cheithre fichid.
Aon lá amháin bhí Fionn Mac Cúmhaill ag aoidhreacht ba thíos cois na trágha. Chonnaic sé chuige an fear agus é ag gabháil aniar tríd an bhfarraige, agus cliabh ar a dhrom aige. Gach breac a bhuaileadh leis chaitheadh sé isteach sa chléibh é le na órdóig. D'fiafruig se d'Fionn cá raibh tig na bhFiann. Theasbáin Fionn do é agus threóruig sé é ar an mbóthar. Ghaibh Fionn an cómhgar agus shrois sé an tig roimis. Chuaidh sé isteach sa chliabhán agus agus chuir sé an t-éadach 'na thímcheall.
Tháinig an fear iasachta isteach agus bheannuig bean an tighe do, agus bheannuig sé di.
"Cá bhfuil na Fianna?" ar seisean.
"Táid as baile," ar sise.
"Cad é an t-aos atá an leanbh san sa chliabhán?" ars an fear.
"Tá sé trí bliadhna," ars an bhean.
Chuir sé a ordóig siar 'na bhéal, agus níor dhein "an leanbh" ach luighe uirthi agus í a bhaint do.
"O Níl sí ró óg," ars an fear annsan.
"Cad a itheann na Fianna?" ars seisean.(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry