School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Ó Mháire Ní Cheárna, an Bloscaod Mór, a chuala an scéal seo. Chuala sí é féin is na scealta eile ó na máthair.Bhí fear fadó ann, fear maith láidir sa t saoghal ab' eadh é. Phós sé agus bhí inghean aige d'ár b'ainm an Ghrian. Bí triúr mac aige, Art agus Amhlaoibh agus Toirdhéalach. Cailleadh an mháthair t'réis tamaill agus i gceann bliana phós sé bean eile.
Bhí inghean aige leis an dara bean agus baisteadh an Ghaoth uirthi sin. Bhí an bheirt cailíní, an Ghaoth agus an Ghrian ag eirghe suas i dteannta a chéile agus iad an-cheanamhail air a chéile. Bhí an leas-mháthair an-mhí[n]eáireach agus an-chruaidh ar na garsúin.
Dúbhairt an t-athair go mb' fearra dó tig a thógaint taobh amuigh doibh féin iad a chur fé glas ann, agus go dtabharfhadh a ndrifiúirín biadh dhóibh nuair a bheadh sé ollamh sa tig. Leigeadh an leasmháthair an bheirt gearchailí i dteannta chéile i gcómhnuidhe. Bhídís ag athrú éadaig agus iad ana cheanamhail ar a chéile. Saoghaluigheadh leanbh do'n nGaoith agus níor leig an Ghrian faic uirthi agus níor labhair sí riamh(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry