School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 218
- XML “Naoi gCéad Déag Fáilte”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí mac Dé na Glóire san chrann gan aon choir.
IV
Is mo ghrádh-sa an Mhaighdean Ghlórmhar, sí Banríoghan Flaithis Dé,
Do rugadh na haingheal is do baisteadh na Naomh,
Níor dhein sí riamh peaca ná ní fheadair cad é,
Nó gur thúirling ó'n mbroinn chúiche sé Mac Dílis Dé.
V
'Sé Mac Dé na Glóire mo stórsa gan dabht,
Lem' chroidhe is lem' anam níl iongna orm ann,
Mar do shil sé an fhuil ghlórmhar d'ár saoradh san chrann,
An tsleagh trí na chroidhe is an choroinn spínn ar a cheann.
VI
Is a Chríostuighthe an tsaoghail seocuimhnighidh ar bhúr n'anam,
Goilidh go cráidhte agus bualaidh búr mbasa,
Ná díolaidh ar dTigearna ar ór buidhe ná ar rachmus,
Mar níl sa tsaoghal so ach ceó beag seachas glóire na bhFlaitheas.