School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
![The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 222](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0418%2FCBES_0418_222.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 222
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 222
- XML “An tÉan”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)cailín aimsire an doras do. Thug sí an t-ubh anáirde 'on ghrianán go dtí an bprionns[a] agus tháinig sí anuas agus bille deich scillinge aici go dtí an ngarsún.
D'imthig an garsún abhaile agus áthas ó talamh air, agus thug an t-airgead d'á athair. Maidean amáireach bhí ubh eile beirthe ag an éan agus thug an garsún go síos go dtí an bprionnsa é agus fuair sé púnt an babhta so. Fuair sé púnt gach maidean as san amach agus bhí an-áthas ar an ngarsún agus ar a mhuinntir go léir. Bhíodar bog-shaidhbhi[r] ag an éan agus ag na h-uibhe. Bhí sástacht agus aoibhneas sa tig agus bhí ní raibh ceal bídh ná airgead ortha.
Maidean amháin tháinig an phrionnsa féin anuas go dtí an ngarsún agus d'iarr sé air an t-éan a dhíol leis. Dubhairt sé go dtabharfhadh sé deich púint do air.
Bhí croidhe an gharsúna ag briseadh le buairt agus le h uaigneas indiaidh an éin. "Ó a chroidhe ní'l aon ghnó againn an prionnsa a eiteach," ar an t-athair. "Muna mbeadh an Prionnsa ceadhna ní bheadh pighinn ruadh againn le leath-bhliain; is dócha go bhfuil cúram éicin aige dhó."
"Inghean leis atá le pósadh an t seachtmhain seo(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry