School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 229
- XML “An Tarbh Beag Dearg”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Siúd an tarbh fé dhéin a leas drifiúr agus d'árduig sé leis í anáirde ar a adharca. D'imthig sé leis tré choill is tré ghleann is tré chnoc fé mar imtheóchadh sidhe-gaoithe agus thug sé leis ó bhaoghal í isteach i dtig breágh. Ní raibh sa tig ach caitín beag dubh. Dubhairt an tarbh leis an gcaitín an tslaitín draoidheachta a thabhairt aníos ó'n seomra agus í a chrothadh ó's a chionn. D'imthig an caitín síos agus chroth sí an tslaitín ó's a chionn. Dhein fear breágh óg do ar an neóimid. D'innis sé a scéal do'n gcailín agus dubhairt sé gur cuireadh fé dhraoidheacht é féin fadó agus go bhfanfhadh an draoidheacht air go dtí go dtiocfhadh díleachtaí a bhainfheadh an draoidheacht do.
Pósadh é féin is an cailín agus mhaireadar go socair sásta gan spleadhchas d'aoinne as san amach.- Informant
- Máire Ní Cheárna
- Gender
- Female
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry